Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta chun tuarascáil a fhoilsiú roimh chothrom 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta/ Chomhaontú Bhéal Feirste

28 Márta 2023, 12:25

Sa Tuarascáil, éilítear tiomantas athnuaite don athmhuintearas agus aisiriú ar an gcomhroinnt chumhachta i dTuaisceart Éireann

Tá an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta tar éis a thuarascáil a fhoilsiú inniu – Dé Máirt, an 28 Márta – faoi shraith de chruinnithe a bhí aige le hailtirí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is féidir an tuarascáil ina hiomláine agus rogha príomh-athfhriotail ó ailtirí Chomhaontú Aoine an Chéasta a léamh ar leathanach gréasáin an Choiste.

 

In imeacht na mbliana seo thart, chuala an Coiste ó Tim O’Connor, David Donoghue, Rory Montgomery, Jonathan Powell, Mark Durkan, an Tiarna Alderdice, Parthalán Ó hEachthairn, Seanadóir de chuid SAM, George J. Mitchell, John Bruton, Gearóid Mac Ádhaimh, Wally Kirwan, an tAmbasadóir Eamonn McKee, Martin Mansergh, Sir John Major, Eilís Ní Dhomhnaill, Bronagh Hinds agus an Tiarna Empey.

 

Le linn idirghabháil leis na hailtirí, d’fhéach an coiste le tuiscint a fháil ar conas a rinneadh an comhaontú agus a cuireadh i bhfeidhm é, chomh maith le foghlaim go díreach ó pheirspeictíochtaí pearsanta na ngíomhairí polaitiúla, na dtaidhleoirí agus na státseirbhíseach a bhí páirteach ann.

D’fhéach an Coiste freisin le tuiscint a fháil ar cibé rud a bheadh ina chabhair sa todhchaí.

Rinneadh le Comhaontú Aoine an Chéasta foréigean a mhair na blianta fada a thabhairt chun críche agus moladh é mar eiseamláir de chaibidlíocht síochána ar fud an domhain.

Déantar roinnt conclúidí sa tuarascáil.

Is mian leis an gCoiste, go háirithe, aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas:

  • Agraíonn an Coiste ar pháirtithe polaitiúla Thuaisceart Éireann athchromadh ar an gcomhroinnt chumhachta a luaithe is féidir. Ba chóir do Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, mar chomh-ráthóirí ar an gComhaontú, leanúint de thacaíocht láidir a thabhairt d’iarrachtaí ina leith sin;

Agus

  • Éilíonn an Coiste go gcuirfí fócas athnuaite ar an athmhuintearas. Cé gur soiléir gur éirigh le Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh a chur le foréigean, is gá fós dul chun cinn a dhéanamh má táimid chun síochán mharthanach agus sochaí chomhroinnte a urrú go fírinneach. Is cóir go mbeidh íospartaigh iarmhairtí na dTrioblóidí i gcroílár na n-iarrachtaí chun athmhuintearas a ghnóthú.

Ag labhairt dó le linn sheoladh na tuarascála, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Fergus Ó Dubhda: “An Cháisc seo, comórfar cothrom 25 bliana ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta go rathúil, an 10 Aibreán, 1998. Éacht ollmhór a bhí ann lenar tugadh foréigean a mhair tríocha bliain chun críche agus lenar cuireadh ceann le ré nua cobhsaíochta i dTuaisceart Éireann.”

Tá an Comhaontú faoi bhagairt i gcónaí d’ainneoin gur thacaigh fórmhór phobal Thuaisceart Éireann lena chur i bhfeidhm.”

I bhfianaise an mhéid sin, déanfar le linn chomóradh na cothroime atá le teacht, ceannairí polaitiúla agus pobail ó gach taobh a thabhairt le chéile agus i dteannta na cuairte a fógraíodh ag Úachtarán SAM, beidh deiseanna ann nach mór a thapú gan aon agó. Tugtar leis an gcaidreamh feabhsaithe le rialtas na Breataine deis chun idirphlé athnuaite agus neartaithe agus torthaí fiúntacha.

Tugtar leis an gcothrom uain le marana a dhéanamh ar ar gnóthaíodh agus ar a bhfuil fós le baint amach. Bhí cruinniú ag an gComhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta le hailtirí an Chomhaontaithe chur gur fearr a thuigidís siad conas a tháinig an Comhaontú ar an saol agus cad iad na rudaí is féidir linn a fhoghlaim chun cúrsaí polaitíochta an lae inniu a fhaisnéisiú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na finnéithe as a gcuid ama agus flaithiúlachta maidir lena gcuid éispéiris a roinnt linn agus as an rannchuidiú ollmhór acu i dtaca le síocháin a urrú ar an oileán seo.

Chun síocháin a urrú i dTuaisceart Éireann, ba ghá méid ollmhór creidimh, cinnteachta agus tiomantais óna cheannairí agus cuireadh deireadh dá bharr le hamhras agus neamhcinnteacht agus soláthraíodh leis ardán do dhaoine chun a thaispeáint go rabhadar toilteanach athrú a dhéanamh, ar nithe tábhachtach iad. Is de bharr méid anaithnide comhráite ar tháinig deibhil ar dhaoine, ar éisteadar le chéile, ar tháinig siad ar mhalairt intinne agus inar tháinig claochlú ar an stair lena linn, an tsíocháin ar an oileán seo.”

Cé gur fhéachamar le raon leathan peirspeictíochtaí a chuimsiú, tá an tuarascáil seo neamh-iomlán de dheasca cúinsí neamh-insheachanta. Le himeacht aimsire, tá roinnt de na pearsana móra a bhí páirteach i bpróiseas na síochána ar shlí na fírinne. Táthar faoi chomaoin go háirithe ag John Hume, David Trimble, Ailbhe Mac Raghnaill, Máirtín Mac Aonghusa, David Ervine, and Mo Mowlam.”

I ndeireadh na dála, tá an tuarascáil seo neamh-iomlán mar is próiseas i gcónaí é an tsíocháin i dTuaisceart Éireann. Cé go bhfuil deireadh ar fad nach mór tagtha leis an bhforéigean, ní hionann é seo ann féin agus síocháin. Ní hionann é seo agus ar gealladh le Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá forálacha áirithe de chuid an Chomhaontaithe fós le cur i bhfeidhm agus is gá fócas agus tiomantas is mó ó thaobh cur i bhfeidhm i réimsí eile chun dul chun cinn a dhéanamh. Go bunúsach, is éileamh an tuarascáil seo ar thiomantas athnuaite d’idirghabháil agus athmhuintearas. 

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn