Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide chun an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus an Straitéis Náisiúnta Fadtéarma a phlé

13 Beal 2024, 16:55

Tiocfaidh an Comhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide le chéile amárach, Dé Máirt, an 14 Bealtaine, chun an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFA) agus Straitéis náisiúnta Fadtéarma a phlé (SnF).

Cloisfear le linn an chruinnithe ar 11 a.m. i Seomra Coiste 3 ó ionadaithe ó Chairde na Cruinne, Stop Climate Chaos, the Environmental Pillar, agus ó Líonra Ceartais Comhshaoil Éireann.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Brian Ó Loideáin “Léirítear sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide conas a bheartaíonn Éire a spriocanna fuinnimh agus aeráide AE do 2030 a chomhlíonadh. Cuireadh plean na hÉireann do 2021-2030 faoi bhráid Choimisiún na hEorpa in 2019 agus cuireadh dréacht-PNFA faoi bhráid Choimisiún na hEorpa in 2023. Déatar leis seo léiriú mionsonraithe a thabhairt ar na beartais fuinnimh agus aeráide atá ag Éirinn go dtí 2030 agus cuirtear síos ar a mbeidh ar siúl aici go dtí 2050. Tá leagan críochnaitheach de PNFA na hÉireann le cur faoi bhráid Choimisiún na hEorpa an mhí seo chugainn.

"Tá imní léirithe ar leas-sealbhóirí amhail Cairde na Cruinne, Stop Climate Chaos, an Environmental Pillar, agus ó Líonra Ceartais Comhshaoil Éireann go bhfuil an dréacht easnamhach ó thaobh a bhfuil ag teastáil faoin Rialachán Rialachais AE do PNFAanna. Tá imní ar na leas-sealbhóirí seo freisin faoi Straitéis náisiúnta Fadtéarmach na hÉireann atá deartha chun an claochlú eacnamaíochta agus cuspóirí forbhartha inmharthana is leithne is gá a bhaint amach agus ag an am céanna cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir le dícharbonú a chomhlíonadh. Tá an Coiste ag tnúth leis an imní seo agus nithe gaolmhara a phlé lenár leas-sealbhóirí."

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn