Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá sa saol | An fhoireann oideachais

Is é Teach Laighean suíomh Pharlaimint na hÉireann agus ós rud é go dtiteann an pholaitíocht amach i ngach cearn is clúid de, ní fhéadfá a bheith in áit níos fearr chun obair na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a theagasc do dhaoine.

Ag cur tús leis an lá

Conor Reale, Oifigeach Oideachais

Ag cur tús leis an lá

Foireann bheag, ach foireann dhlúth, iad an fhoireann oideachais. Tá cuspóir mór acu, is é sin cur le heolas agus tuiscint an phobail ar a dtarlaíonn inár bParlaimint, ar an obair a dhéanann Teachtaí Dála agus Seanadóirí agus ar an dóigh a n-oibríonn ár ndaonlathas.

Déanann Oifigeach Oideachais na Parlaiminte, Conor Reale, cur síos ar an ngnáthlá a bhíonn aige féin agus a fhoireann.

8.30 a.m.

Tá cúlra oideachais agam agus macasamhail na múinteoirí sna scoileanna uile fud fad na tíre, tosaíonn mo lá píosa maith sula dtosaíonn na ranganna. Bíonn múinteoirí bunscoile agus meánscoile an-tógtha lenár gcuid acmhainní oideachais agus bíonn orm dul trí lear ríomhphost agus ceisteanna chóir a bheith gach maidin.

Inniu beidh mé ag plé le ceithre ghrúpa dhifriúla i dtraidhfil timpeallachtaí éagsúla, agus beidh an chéad cheann acu sin ar líne. Is breá an buntáiste é a bheith ábalta ceachtanna a thabhairt ar líne cionn is gur féidir lenár bhfoireann bheag freastal ar i bhfad níos mó daltaí agus múinteoirí ionchasacha.

9.00 a.m.

Féadtar oideachas i dTithe an Oireachtais a chur i láthair ar bhealaí iomadúla, lena n-áirítear ceardlanna ar líne agus ceardlanna ina mbítear i láthair go pearsanta, caidreamh le hionadaithe poiblí agus turais ar champas na parlaiminte.

9.00 a.m.

Beidh grúpaí eile ag tabhairt cuairt ar champas Theach Laighean inniu le haghaidh ceardlanna ina mbeifear i láthair go pearsanta agus turais ar an bParlaimint. Sula gcuirim tús leis an gceardlann ar líne, meabhraím dom féin go mbeidh grúpa óige idirnáisiúnta ó na Stáit Aontaithe ina measc siúd. Is eol dom ó mo thaithí féin go rachaidh an chuairt chun tairbhe do ghrúpa níos mó má chuirim an cheardlann in oiriúint d’eolas agus do riachtanais na ndaltaí. Ní oireann an toise céanna do gach duine riamh nuair a bhíonn daoine óga fiosracha faoi chaibidil!

Logálaim isteach i mo chéad rang sceidealaithe ar a 9 a.m. Mairfidh an rang — ina mbeidh scata scoláirí ón gcúigiú bliain ó scoil i gContae Luimnigh — uair an chloig nó mar sin.

Amlíne an ghnáthlae a bhíonn ag an Oifigeach Oideachais i dTithe an Oireachtais.

10.00 a.m.

Sroicheann an chéad ghrúpa scoile (le haghaidh ceardlann ina mbítear i láthair go pearsanta) Teach Laighean. Grúpa bunscoile ó Chontae Chill Dara atá ann. Cuirfidh Johanna fáilte rompu. Oibríonn Johanna agus roinnt baill foirne eile liom agus déanann siad cinnte de go dtéann rudaí ar aghaidh go seolta. Tabharfaidh sí síos chuig ár seomra oideachais iad, seomra atá suite in íoslach Theach Laighean.

D’fhiafraigh ball foirne eile, Eva, de dhornán ionadaithe poiblí as Cill Dara ar mhaith leo bualadh leis na daltaí. Is mian linn beocht a chur san fhoghlaim do na scoláirí uile a dhallann na doirse seo againne agus is minic a spreagann plé lena gcuid ionadaithe áitiúla seisiún foghlama an-fhónta.

Castar an Leas-Cheann Comhairle ar scata scoláirí i gceardlann foghlama

Baineann níos mó ná pleananna ceachta leis an oideachas. Féachann an fhoireann oideachais le beocht a chur san fhoghlaim ach ionadaithe poiblí a áireamh sa phróiseas foghlama

11.15 a.m.

Am caife atá ann! Tá an grúpa ag dul ar thuras timpeall na Parlaiminte faoi stiúir ár sainuiséirí, daoine a bhfuil eolas as cuimse acu ar na foirgnimh seo.

Fad atá na daltaí ag breathnú thart ar Theach Laighean stairiúil, tig liom iarracht a dhéanamh dul trí na ríomhphoist agus féachaint conas mar a sheasann cúrsaí maidir le cuid dár dtionscadail oideachais reatha.

Meán lae

Tá mo ghrúpa ar ais sa seomra oideachais i ndiaidh a dturais. Beidh plé gairid scoir againn agus labhróimid arís faoi na topaicí a chlúdaíomar. Ar na topaicí sin inniu bhí an Bunreacht, obair Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus an tslí a gcruthaítear dlíthe.

Ba mhaith liom tús a chur le díospóireacht — cén dlí úr ba mhian leis an rang a thabhairt isteach? Táim ag dréim le plé bríomhar óir tá dhá thaobh ag an bhfoghlaim, más foghlaim cheart í. Tig leis a bheith doiligh go leor na scoláirí a spreagadh chun páirt dháiríre a ghlacadh sa phlé agus a machnamh a dhéanamh ar obair na Parlaiminte ach is fiú go mór é.

12.30 p.m.

Tá an seomra oideachais i dTeach Laighean stairiúil, in áras a tógadh san 18ú céad. Tig leis an bParlaimint agus a bhfuil thart uirthi foghlaim fhíorthairbheach a spreagadh.

12.30 p.m.

Tá an grúpa as Virginia sna Stáit Aontaithe i ndiaidh teacht. Buaileann Eva agus Johanna leis an ngrúpa ag geataí Theach Laighean agus tógann siad na scoláirí go dtí ceann de sheomraí coiste na Parlaiminte, áit a dtabharfaidh mé léargas ginearálta ar Pharlaimint na hÉireann agus ar an toghchóras seo againne. Bainim leas as na seomraí coiste i gcomhair ceardlann corruair.

Is breá an buntáiste é a bheith in ann na foirgnimh ar champas Theach Laighean a úsáid ar an mbealach seo le haghaidh na foghlama praiticiúla. Píosa ailtireachta den scoth ón 18ú céad is ea Teach Laighean agus tig le seomraí na Parlaiminte dul i bhfeidhm go dearfach ar fhoghlaim na scoláirí.

2.00 p.m.

Tá an grúpa scoile deireanach i sceideal an lae inniu tar éis teacht. Scoláirí meánscoile ó Chontae na Mí atá sa ghrúpa seo. Tá scrúduithe na hArdteistiméireachta idir lámha acu i mbliana agus tá staidéar á dhéanamh acu ar an bPolaitíocht agus an tSochaí. Ba cheart go dtiocfadh an méid atá ar intinn agam a chlúdach leis an gcuraclam toisc go bhfuil sé giota beag níos oiriúnaithe don ghrúpa seo agus do na scrúduithe a dhéanfaidh siad sa samhradh.

Mar sin féin, is maith a thuigim go mbeidh na scoláirí seo ina saoránaigh fós i ndiaidh dóibh a scrúduithe a dhéanamh, agus go mbeidh a gcuid múinteoirí ina saoránaigh leis. Ba bhreá linn dá gcuirfidís suim sa pholaitíocht, sa rialachas agus inár bParlaimint i gcónaí. Is é ár sprioc é foghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh san uile dhuine.

4.15 p.m.

Labhraíonn na scoláirí le dornán ionadaithe poiblí áitiúla le linn sos a ghlacadh ó sheisiún foghlama. Scoláirí bunscoile nó meánscoile iad cuid mhór de na grúpaí a gcastar an fhoireann oideachais orthu, ach tá súil againn go mairfidh an fhoghlaim seo go brách.

4.15 p.m.

Seisiún breá a bhí ann i gcuideachta drong scoláirí an-chliste. Le cúpla uair an chloig anuas thráchtamar ar an mBunreacht, scaradh cumhachtaí agus córas srianta agus ceartúchán i gcóras rialtais na hÉireann, agus níorbh é sin ach an tús. Chomh maith leis sin, rinneamar plé ar obair Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus rinneamar díospóireacht an-spéisiúil ar an dóigh a gcruthaítear dlíthe agus ar an obair a dhéanann na coistí sa chóras parlaiminteach seo againne.

Rinneamar díospóireacht ar an rún seo a leanas chun clabhsúr a chur lenár seisiún: “Ba chóir go laghdófaí an aois vótála go dtí 16 bliana d’aois”. Spreagaim cur agus cúiteamh, agus is fearr a bhíonn na seisiúin, de ghnáth, nuair nach labhraíonn mise mórán agus nuair a nochtann a lán guthanna óga a gcuid tuairimí go tréan agus go muiníneach.

Is gá scoláirí a spreagadh chun dul i mbun cainte go hiondúil agus teastaíonn modhnóireacht ó mhórán grúpaí i ndíospóireacht, ach ba cheart go mbeadh lánchead ag gach duine cur le díospóireacht faoin mbealach a n-oibríonn a bParlaimint. Parlaimint do chách atá ann, ní Parlaimint dóibh siúd is glóraí.

4.50 p.m.

Lá gnóthach a bhí ann agus níl sé thart fós. Tá cruinniú ar líne agam le grúpa oideachais parlaiminte idirnáisiúnta chun plé a dhéanamh ar thraidhfil tionscadail reatha.

Is é ár bpríomhghnó an obair a dhéanaimid le daltaí agus le múinteoirí ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna na hÉireann, ach is minic a phléimid le grúpaí idirnáisiúnta fosta, parlaiminteoirí san áireamh. Tá tionscadal idir lámha againn san am i láthair a bhfuil mar aidhm aige plé na n-óg leis an bparlaimint a chur chun cinn, rud a thagann le ceann de na croíaidhmeanna — cur le heolas agus tuiscint an phobail ar obair na bparlaimintí agus ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas.

Fillim ar na ríomhphoist uair amháin eile nuair a chríochnaíonn an cruinniú, agus abhaile liom ansin.

Barr
Roinn