Clár oiliúna OWL
Cuireann Seirbhís Thithe an Oireachtais, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, suíomhanna ionaid oibre ar fáil gach bliain faoi choinne an deichniúr oiliúnaithe i gclár OWL.
Clár céimithe OWL
Forbraíonn céimithe OWL scileanna a ligeann dóibh a bheith réidh don obair. Tá sé de chuspóir ag an gclár céimithe OWL fostaíocht fhiúntach inmharthana a aimsiú dár gcéimithe sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne. Tugaimid cuidiú agus tacaíocht d’oifigí eile sa Státseirbhís agus san earnáil phoiblí arbh áil leo deiseanna fostaíochta buana páirtaimseartha a thabhairt do chéimithe OWL.
Éascaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais clár OWL i gcomhar le KARE, WALK, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus faightear tacaíocht ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus ó Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe.
Bronnadh céime OWL, 2023
In Iúil na bliana 2023, bhain deichniúr rannpháirtithe eile céim amach i gclár ceannródaíoch OWL i dTithe an Oireachtais. Ó tosaíodh clár OWL thiar sa bhliain 2018, cuireadh 60% de na céimithe i mbun fostaíochta i seacht Roinn agus oifig, agus fuair go leor eile poist san earnáil phríobháideach agus sa bhreisoideachas.
Clár OWL a bhfuil duaiseanna buaite aige
Tugadh aitheantas do Chlár OWL ag Gradaim Náisiúnta Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta a reáchtáladh in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2024 agus bronnadh an gradam “Comhionannas Míchumais a Chur Chun Cinn” air. Gradam is ea seo a bhronntar ar eagraíocht atá ar thús cadhnaíochta maidir leis an gcomhionannas míchumais a chur chun cinn san ionad oibre.
Tugadh aitheantas don chlár freisin ag an 8ú hócáid bhliantúil de Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse, áit ar bronnadh an gradam ‘Ionad Oibre agus Eagraíocht na Todhchaí’ ar Sheirbhís Thithe an Oireachtais.
Treoir do dhaoine ar mhaith leo a bheith ina n-iarrthóirí OWL faoi oiliúint
- Cathain a thosóidh an chéad chlár OWL eile?
-
The next OWL training programme will commence in September 2023. The application process is currently open. For further information on how to apply, please contact:
Dublin area: Vicki Hogan
Kildare area: Peter Furlong
- Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
-
Chun iarratas a dhéanamh le bheith i d’iarrthóir OWL faoi oiliúint, ní mór duit
- a bheith toilteanach agus ábalta a bheith páirteach ar feadh 30 uair an chloig in aghaidh na seachtaine
- a bheith faoi mhíchumas intleachta nó uathachas a bheith ort
- a bheith ábalta taisteal go neamhspleách
- a bheith incháilithe le maoiniú cuí a fháil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), rud a chuirfidh ar chumas WALK nó KARE seirbhís a chur ar fáil
- Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh le bheith i m’iarrthóir OWL faoi oiliúint?
-
Is é an chéad chéim ná dul i dteagmháil le WALK nó KARE, ag brath ar cén áit a bhfuil tú i do chónaí. Seolfaidh siad foirm iarratais agus tuilleadh faisnéise chugat.
Má tá tú i do chónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, téigh i dteagmháil le Vicki Hogan, comhordaitheoir cláir na seirbhíse lae ag WALK ag vicki@walk.ie.
Má tá tú i do chónaí i mórcheantar Chill Dara, téigh i dteagmháil le Peter Furlong, bainisteoir oibríochtaí ag KARE ag peter.furlong@kare.ie.
- Conas a roghnaítear daoine?
-
Tugann Seirbhís Thithe an Oireachtais liosta na ról atá ar fáil do KARE agus WALK.
Cuireann KARE agus WALK iarrthóirí oiriúnacha ar aghaidh chuig Seirbhís Thithe an Oireachtais chun gearrliosta a dhéanamh do na róil atá sainaitheanta.
Freastalaíonn iarrthóirí oiriúnacha ar agallamh foirmiúil cuidithe 30 nóiméid agus déanann siad measúnú praiticiúil 30 nóiméid i dTithe an Oireachtais. Faigheann iarrthóirí oiriúnacha na ceisteanna agallaimh, sonraí an mheasúnaithe agus na critéir mharcála roimh ré agus aontaítear socruithe réasúnta agus cuirtear i bhfeidhm iad, de réir mar is gá.
Tá an líon céanna marcanna ag gabháil leis an agallamh agus leis an measúnú praiticiúil. Déanfaidh beirt agallóirí agus beirt mheasúnaitheoirí na hiarrthóirí a mharcáil astu féin. Cuirtear an dá scór le chéile ansin.
Ní mór d’iarrthóirí an íostairseach a shásamh chun go n-éireodh leo.
Má tharlaíonn go n-éireoidh le roinnt mhaith iarrthóirí an íostairseach a shásamh, déanfar iarrthóirí a rangú bunaithe ar scóráil.
Cuirtear iarrthóirí ar an eolas maidir le toradh an agallaimh agus an phróisis mheasúnaithe laistigh de dhá nó trí lá oibre agus tugtar eolas ar sheirbhísí eile atá ar fáil d’iarrthóirí nach n-éiríonn leo.
- Cé chomh fada a mhairfidh an clár agus cé mhéad uaireanta a bheidh i gceist?
-
Glacann sé idir 10 agus 12 mhí chun clár OWL a chur i gcrích. Beidh trí shocrúchán taithí oibre a mhairfidh 12 sheachtain faoi seach i gceist, mar aon le hoiliúint sheachtainiúil rangbhunaithe a chuirfear ar siúl ar an láthair le Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá gach socrúchán lán-aimseartha. Bheifí ag súil go gcomhlíonfá 30 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, idir 9.00am agus 4.00pm go hiondúil.
- An íocfar mé mar iarrthóir OWL faoi oiliúint?
-
Ní íocfar. Is clár neamhíoctha foghlama, forbartha agus sóisialaithe é clár OWL.
- An mbeidh tionchar ag a bheith i m’iarrthóir OWL faoi oiliúint ar m’íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
-
Ní bheidh, ach d’fhéadfadh athrú teacht ar d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh má bhaineann tú post íoctha amach.
Má bhaineann tú fostaíocht íoctha amach, d’fhéadfadh tionchar a bheith aici sin ar d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Braitheann an tionchar seo ar do chúinsí agus molaimid duit é seo a phlé le do sholáthraí seirbhísí.
Idir an dá linn, seo a leanas roinnt eolais ghinearálta maidir leis an Liúntas Míchumais agus an cárta leighis.
Is íocaíocht í an Liúntas Míchumais a ndéantar tástáil acmhainne uirthi. Má thuilleann tú suas le €120 as obair a dhéanamh ní chuirtear é seo san áireamh sa tástáil acmhainne. Má thuilleann tú idir €120 agus €350 gach seachtain as obair a dhéanamh ní chuirtear 50% de do phá san áireamh sa tástáil acmhainne a dhéantar ar an Liúntas Míchumais. Meastar gur ioncam é aon íocaíocht atá níos mó ná €350 a thuilleann tú as obair a dhéanamh agus laghdófar an líon airgid a gheobhaidh tú mar chuid den Liúntas Míchumais de réir “rátaí oiriúnacha laghdaithe íocaíochta le haghaidh an Liúntais Mhíchumais”. Foilsíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí leabhrán ar Rátaí Íocaíochta an Leasa Shóisialaigh gach bliain.
Déantar tástáil acmhainne ar an gcárta leighis chomh maith. Má fhaigheann tú Liúntas Míchumais fad agus atá tú ag obair, ní chuirtear ioncam suas le €427 in aghaidh na seachtaine san áireamh sa tástáil acmhainne a dhéantar ar an gcárta leighis. - Cén cineál oibre a d’fhéadfadh a bheith á déanamh agam?
-
Ní hionann na poist i ngach uainíocht taithí oibre agus d’fhéadfadh na róil seo a leanas a bheith i gceist:
- Dualgais cléireachais ghinearálta lena n-áirítear iontráil sonraí agus scarbhileoga
- An post a shórtáil agus a dháileadh
- Doiciméid a eagrú agus a chomhdú
- Seirbhís do chustaiméirí: cuairteoirí a shíniú isteach agus suaitheantais a thabhairt amach
- Dualgais lónadóireachta lena n-áirítear bia a ullmhú, boird a ghlanadh agus a leagan, cuisneoirí a stocáil, an miasniteoir a líonadh agus a fholmhú, scuabadh agus áiteanna a choinneáil glan agus néata
- Stialladh agus páipéar a stocáil le haghaidh printéirí
- Sonraisc a chomhdú
- Cé a thacóidh liom mar iarrthóir faoi oiliúint ar an gclár?
-
Cuireann KARE agus WALK beirt chomhordaitheoirí lánaimseartha OWL ar fáil atá suite ar an láthair i dTeach Laighean. Tá na comhordaitheoirí seo maoinithe ag FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). Cuireann na Comhordaitheoirí tacaíocht ar fáil do gach iarrthóir faoi oiliúint le linn an chláir. Cuireann ceannasaithe rannóige agus meantóirí/cairde oiliúint, meantóireacht agus foghlaim ghníomhach ar fáil le linn na socrúchán taithí oibre go léir.
Críochnaíonn gach iarrthóir faoi oiliúint ionduchtúchán a luaithe agus a thosaíonn siad an clár, agus mar chuid de seo, tugtar neart faisnéise dóibh maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh.
- Céard atáthar ag súil leis ó iarrthóirí OWL faoi oiliúint le linn a socrúchán?
-
Táthar ag súil go ndéanfaidh gach iarrthóir faoi oiliúint na nithe seo a leanas agus iad ar shocrúchán:
- Páirt a ghlacadh i ngach cuid den fhoghlaim san ionad oibre
- Scileanna neartaithe foirne a fhorbairt
- Leas a bhaint as tacaíochtaí san ionad oibre, oiliúint agus meantóireacht
- Feasacht ar an ionad oibre a chur i bhfeidhm i ngach socrúchán taithí oibre
- A bheith ag obair i dtreo cáilíochta foirmiúla a bhaint amach - Gradam QQI Leibhéal 3 i dTaithí Oibre agus Dul Chun Cinn Gairme
- Páirt a ghlacadh i ndeiseanna sóisialaithe san ionad oibre
- An bhfaighidh mé post tar éis dom céim OWL a bhaint amach?
-
Níl aon chinnteacht ann go mbainfear post lánaimseartha amach nuair a bheidh clár OWL curtha i gcrích. Cabhraíonn KARE agus WALK le céimithe OWL fostaíocht lánaimseartha nó pháirtaimseartha a bhaint amach san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach. Tá roinnt céimithe i ndiaidh conarthaí a bhaint amach i dTithe an Oireachtais agus sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
- Mura bhfuil mé incháilithe do chlár OWL an bhfuil roghanna eile ann dom?
-
Tá roinnt roghanna eile ar fáil do dhaoine mura bhfuil siad incháilithe do chlár OWL, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:
Oifigigh Ghairmthreorach FSS
Cabhraíonn Seirbhís Ghairmthreorach FSS le daoine atá faoi mhíchumas na roghanna oiliúna nó na seirbhísí tacaíochta is oiriúnaí dá riachtanais a aimsiú. Tá eolas ar sheirbhísí in aghaidh an chontae ar fáil ar leathanach áitiúil FSS le haghaidh seirbhísí míchumais.
Clár WAM
Reáchtálann an eagraíocht AHEAD clár um shocrúchán oibre darb ainm WAM do chéimithe. Is clár socrúchán oibre é Meantóireacht Thoilteanach Ábalta (WAM) a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain ar an margadh oibre a chur chun cinn do chéimithe faoi mhíchumas agus cur le cumas fostóirí míchumas a imeascadh sa ghnáth-ionad oibre. Oibríonn WAM i gcomhar le fostaithe páirteacha chun socrúcháin threoraithe, íoctha oibre a thairiscint do chéimithe atá faoi mhíchumas.
Sonraí Teagmhála: Caroline McGrotty, Comhordaitheoir WAM / Angela Glancy, Oifigeach Idirchaidrimh Cliant | wam@ahead.ie | 01 716 8844
EmployAbilityIs seirbhís náisiúnta í seirbhís EmployAbility a chuireann seirbhís tacaíochta don fhostaíocht ar fáil do dhaoine a mbaineann a leanas leo:
- Coinníoll Sláinte
- Gortú
- Tinneas
- Míchumas
Cuireann an tseirbhís na nithe seo a leanas ar fáil:
- Seirbhís ghairmiúil meaitseála poist chun earcaíocht rathúil a chinntiú
- Comhairle agus faisnéis maidir le tacaíochtaí breise fostaíochta
- Tacaíocht leanúnach don fhostóir agus don fhostaí le linn na fostaíochta
Is seirbhís chomhairle earcaíochta le haghaidh an phobail ghnó í chomh maith. Tabharfaidh sí rochtain d’fhostóirí ar bhuíon fostaithe féideartha a bhfuil leibhéil éagsúla scileanna, cumas agus oiliúna acu.
Treoir d’fhostóirí féideartha de chéimithe OWL
- Céard é clár OWL?
-
Is clár neamhíoctha, feidhmeach foghlama, forbartha agus sóisialaithe d’aosaigh óga faoi mhíchumas intleachta é Clár Foghlama Oibre an Oireachtais (OWL). Ba é an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, T.D. a rinne é a sheoladh ar bhunús píolótach i Meán Fómhair 2018. Tá an clár bunaithe ar an Múnla um Fhostaíocht faoi Thacaíocht agus tá sé mar aidhm aige taithí fheidhmeach foghlama a chur ar fáil do shuas le deichniúr iarrthóirí faoi oiliúint i suíomh oibre gnóthach.
Reáchtáiltear an clár ag dhá eagraíocht arb urraitheoirí iad, WALK agus KARE, dhá fhoras dheonacha a chuireann seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas intleachta. Tá an clár arna éascú ag Seirbhís Thithe an Oireachtais, a chuireann áiteanna taithí oibre ar fáil ar an láthair agus trí shocrúcháin taithí oibre a aimsiú in eagraíochtaí eile de chuid na Státseirbhíse. Seo an dara bliain atá clár OWL ar an bhfód agus tá suíomhanna socrúcháin aige i Seirbhís Thithe an Oireachtais, sa Roinn Talmhaíochta agus Bia agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath páirteach sa chlár chomh maith agus tacaíonn sé leis na hiarrthóirí faoi oiliúint chun cáilíocht QQI Leibhéal 3 a bhaint amach.
Tá aidhm iomlán an chláir ag teacht leis an Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta 2015-2024 agus tá sé mar chuspóir aige deiseanna chun triail a bhaint as cineálacha éagsúla oibre agus modhanna éagsúla oibre do dhaoine faoi mhíchumas a chur ar fáil, chun tacú leo na scileanna a fhorbairt a chabhróidh leo fostaíocht íoctha a bhaint amach sa mhargadh fostaíochta oscailte. Tá sé mar chuspóir aige chomh maith tacú le ranna na Státseirbhíse a gcuótaí fostaíochta de 6% do dhaoine faoi mhíchumas a chomhlíonadh faoi 2024. I ndiaidh na chéad bhliana den chlár, thacaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) agus an an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le comórtas earcaíochta teoranta le haghaidh líon áirithe oifigeach cléireachais agus post lónadóireachta. I Meán Fómhair 2019, a bhuí le rannpháirtíocht sa chomórtas earcaíochta teoranta, chuir seisear iarrthóirí faoi oiliúint de chuid an chláir phíolótaigh tús le fostaíocht, beirt mar oifigigh chléireachais sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), beirt mar oifigigh chléireachais i Seirbhís Thithe an Oireachtais, agus beirt mar chúntóirí lónadóireachta i Seirbhís Thithe an Oireachtais.
- Conas is féidir le m’eagraíocht a bheith ina suíomh socrúcháin do chlár OWL?
-
Tá Seirbhís Thithe an Oireachtais ag lorg léirithe spéise ó oifigí Stáit agus oifigí na hearnála poiblí faoi láthair chun páirt a ghlacadh i gclár OWL trí dheiseanna earcaíochta a chur ar fáil do chéimithe OWL.
Foghlaim tuilleadh inár dtreoir do chlár OWL, Treoir maidir le Fostaíocht Ionchuimsitheach a Chur Chun Cinn: Ag Tacú le Daoine faoi Mhíchumas Intleachta.
- Cé na buntáistí a bhaineann le bheith mar shuíomh socrúcháin?
-
Téann sé chun tairbhe do gach duine cuimsiú fostaíochta a chur chun cinn agus cruthaíonn sé deiseanna don fhoireann ar fad eolas agus scileanna nua a shealbhú.
Buntáistí don fhostóir/roinn- Rannpháirtíocht mhéadaithe fostaithe
- Leibhéal méadaithe obair foirne
- Freagracht shóisialta mhéadaithe
- Éagsúlacht mhéadaithe agus meanma feabhsaithe
- Taithí níos fearr bhainistíochta
- Feasacht mhéadaithe Sláinte agus Sábháilteachta
- Tuiscint níos fearr ar mhíchumas
- Promhadh míchumais ar acmhainní daonna agus ar chleachtaí earcaíochta
- Spás sábháilte chun ceisteanna a chur
- Comhairle agus treoir bhreise maidir le tacaíochtaí agus socruithe san ionad oibre
Buntáistí don fhostaí
- Foghlaim leanúnach san ionad oibre
- Scileanna neartaithe foirne
- Tacaíocht, oiliúint agus meantóireacht san ionad oibre
- Níos mó muiníne
- Sóisialú san ionad oibre
- Tacaíocht le socruithe réasúnta, de réir mar is gá
- Cé chomh fada a bheadh orm a bheith páirteach sa chlár?
-
Nuair atáthar ag cur céimithe ó chlár OWL ar shocrúchán bheifí ag súil go n-éascódh an t-ionad oibre fostaithe mar bhaill foirne lánaimseartha, tar éis dóibh an bhliain chaighdeánach promhaidh, a chaithfidh gach ball foirne a dhéanamh, a chríochnú.
- Céard is fostaíocht thacaithe ann?
-
Is sampla d’fhostaíocht thacaithe é clár OWL. Dar le Cumann na hÉireann d’Fhostaíocht faoi Thacaíocht:
Is éard is fostaíocht thacaithe ann ná córas atá deartha chun tacú le daoine faoi mhíchumas, mar aon le grúpaí imeallaithe eile, ar mian leo a bheith mar chuid den lucht saothair, agus ar mian leo post a fháil agus a choinneáil. Ag an am céanna, cabhraíonn fostaíocht thacaithe le fostóirí folúntais a líonadh agus éagsúlacht a chur chun cinn ina lucht saothair trí na hiarrthóirí cearta a shásóidh a riachtanais aonair a aimsiú.
- Céard is socrú réasúnta ann?
-
Cuireann an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 ceangal ar fhostóirí “socrú réasúnta” a dhéanamh do dhaoine faoi mhíchumas. Ní mór d’fhostóir “beartais oiriúnacha” a ghlacadh chun riachtanais daoine faoi mhíchumas sa lucht saothair a shásamh. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh siad socruithe a dhéanamh a chuirfidh an méid seo a leanas ar chumas duine faoi mhíchumas:
- comhdheiseanna a bheith acu agus iad ag cur isteach ar obair
- caithfear leo sa tslí chéanna le comhoibrithe
- comhdheiseanna a bheith acu maidir le hardú céime
- tabhairt faoi oiliúint
Dá bhrí sin, tagraíonn socrú réasúnta d’athruithe a chuirfeadh ar chumas fostaithe faoi mhíchumas leanúint ar aghaidh i bpost nó glacadh le post agus comhdheiseanna fostaíochta a bheith acu. Uaireanta bíonn imní ar fhostóirí faoin gcostas a bhaineann le socruithe réasúnta a dhéanamh, ach is minic nach mbíonn ach smaointeoireacht níos solúbtha, athshocruithe simplí, nó modh oibre difriúil ag teastáil e.g. am agus uaireanta oibre a athrú, athbhreithniú ar thascanna, athoiliúint etc. Is féidir leis na hathruithe seo dul chun tairbhe do gach duine sa suíomh oibre chomh maith.
- Cé a thacóidh le mo roinn/m’fhoireann le linn an chláir?
-
Cuirtear oiliúint ar fáil do gach ceann roinne nó ceann rannóige sula gcuirtear tús leis an socrúchán. Bíonn comhordaitheoirí OWL nó cóitseálaí poist an fhostaí ar fáil ar bhonn laethúil chun cabhrú le haon fhadhbanna a d’fhéadfadh teacht aníos a réiteach.
Tacaíonn an cóitseálaí poist le daoine aonair ar a n-aistear san fhostaíocht. Tá cóitseálaithe poist freagrach as deiseanna fostaíochta a shainaithint do dhaoine aonair atá ag teacht lena spriocanna gairme agus as caidrimh bhuana le fostóirí a thógáil. Déanann cóitseálaithe poist deiseanna oibre in ionad ar leith a mheas chun tascanna oiriúnacha a shainaithint, nó tascanna a d’fhéadfadh duine aonair a chur i gcrích de réir mar a dhéanann siad dul chun cinn. Tugtar “múnlú poist” air seo. Tacaíonn cóitseálaithe poist le daoine aonair i ngach gné dá saol oibre, lena n-áirítear noirm shóisialta oifige, agus céimneoidh siad a gcuid tacaíochtaí amach de réir mar a éiríonn an duine aonair muiníneach agus ábalta a bheith ag obair go neamhspleách.
Sula gcuirfear tús leis an obair
Tacóidh an cóitseálaí poist leis an bhfostaí agus an fostóir a chur in aithne dá chéile i bhfostaíocht thacaithe. Oibreoidh siad leis an bhfostóir chun tascanna agus dualgais oiriúnacha a shainaithint don duine aonair- tugtar múnlú poist ar an bpróiseas seo. Nuair atá na tascanna sainaitheanta agus nuair atá an fostaí agus an fostóir curtha in aithne dá chéile, socrófar dáta tosaigh agus oibreoidh an cóitseálaí poist leis an duine aonair chun é a ullmhú don obair (oiliúint taistil, bainistíocht ama, éadaí oibre cearta a bheith aige).
Ag brath ar riachtanais an duine aonair, d’fhéadfaí go socródh an cóitseálaí poist leis an bhfostóir bualadh leis an bhfoireann agus aon ábhair imní nó ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu a phlé. Is féidir é seo a dhéanamh go neamhfhoirmeálta nó mar chuid de cheardlann faoin bhfeasacht ar mhíchumas, nó an dá cheann acu. Caithfidh an cóitseálaí poist roinnt ama ag leanúint na foirne (más cuí) chomh maith, chun na tascanna a fhoghlaim agus chun aon acmhainní cuidiúla nó anailísí taisc a chruthú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón bhfostaí chun tús a chur leis an obair.
Ag cur tús leis an obair
Freastalóidh an cóitseálaí poist ar an ionad oibre leis an bhfostaí ar a chéad lá agus tacóidh sé leis an bhfostaí a chur in aithne do bhaill foirne más gá. Tacóidh an cóitseálaí poist le tascanna nua a fhoghlaim thar an gcéad chúpla lá nó seachtain ag brath ar céard atá ag teastáil agus céimneoidh sé amach de réir mar is cuí. Tá an cóitseálaí poist ar fáil do bhaill na foirne má tá aon cheisteanna acu ar mhaith leo a chur.
I mbun oibre
Ón uair a gcéimneoidh an cóitseálaí poist an tacaíocht amach. Aontóidh an cóitseálaí poist leis an mbainisteoir líne cé chomh minic a sheiceálfaidh siad isteach go pearsanta nó ar an nguthán nó ar an ríomhphost. Molfaidh an cóitseálaí poist don fhostaí chomh maith go seiceálfaidh siad isteach ar an láthair thall is abhus. Beidh an cóitseálaí poist ar fáil ar an nguthán agus ar an ríomhphost sa chás go mbeadh aon mhórdheacrachtaí ann. Beidh sonraí teagmhála an chóitseálaí poist ag an bhfostaí agus ag an mbainisteoir nó an maoirseoir. Tiocfaidh an cóitseálaí poist ar ais go dtí an t-ionad oibre más gá, e.g. más rud é go gcaithfidh an fostaí tasc nua a fhoghlaim nó má tá sé ag streachailt le tasc reatha, nó maidir le ceisteanna eile a d’fhéadfadh teacht aníos san ionad oibre.
Sonraí teagmhála
Chun iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i gclár OWL
Limistéar Bhaile Átha Cliath Vicki Hogan vicki@walk.ie
Limistéar Chill Dara Peter Furlong peter.furlong@kare.ie