Gach Meitheamh, déanann comhaltaí agus foireann Thithe an Oireachtais ceiliúradh ar Bhród. Tacaímid le ceart gach uile duine ar an gcomhionannas agus ionchuimsitheacht, agus aithnímid an bóthar deacair fada a bhí i gceist chun an comhionannas sin a bhaint amach.
Bród 93/23
I mbliana táimid ag comóradh 30 bliain ó ritheadh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993, an dlí lena ndearnadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht. Ba é an chéad cheann de mhórán clocha míle reachtaíochta san Oireachtas é nuair a thosaigh an náisiún ag tabhairt aitheantas do chearta an phobail LGBT+.
Imeacht é Bród 93/23 , arna óstáil ag an gCathaoirleach, ina ndéantar an ócáid chinniúnach sin a chomóradh. San áireamh san imeacht ceiliúrtha tá taispeántas speisialta chomh maith le haoichainteoirí a raibh lámh mhór acu in aisghairm na ndlíthe ag an am agus a chonaic athrú millteanach mór ar dhearcadh shochaí na hÉireann.
Éist
Guthanna agus athruithe
Éist le Máire Geoghegan-Quinn agus cur síos á dhéanamh aici ar an gcaoi ar thug sí tacaíocht don ghníomh polaitiúil chun an homaighnéasacht a dhíchoiriúlú. Ba ise an tAire Dlí agus Cirt ag an am.
Ina theannta sin, léiríonn míreanna ó chartlann RTÉ conas a pléadh díchoiriúlú na homaighnéasachta go poiblí le blianta fada. D’ainneoin athrú sochaíoch, thóg sé blianta fada dár ndlíthe teacht suas le dáta.
1993
Na chéad chéimeanna i dtreo díchoiriúlaithe
Féach mar a chuir an tAire Dlí agus Ceart, Máire Geoghegan-Quinn, an Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) faoi bhráid Sheanad Éireann. Rinneadh an homaighnéasacht in Éirinn a dhíchoiriúlú ar deireadh leis an dlí seo.
An bealach i dtreo chearta LADT in Éirinn
Déan mionscrúdú ar theacht chun cinn chearta phobal LADT+ le himeacht aimsire san acmhainn seo is féidir a phriontáil.
Bratach an Bhróid agus grúpa LADT+ de chuid an Oireachtais
Cuireadh Bratach an Bhróid ar foluain thar Theach Laighean gach bliain ó 2019 i leith. Cuireadh Grúpa LADT+ de chuid an Oireachtais ar bun thart faoin am céanna. Cuireann an dream úd ionchuimsitheacht LADT+ chun cinn i bpobal na parlaiminte. Trí Bhratach an Bhróid a chur in airde, táimid ábalta Bród a cheiliúradh agus ár dtacaíocht sheasmhach do phobal LADT+, laistigh agus lasmuigh de Theach Laighean, a thaispeáint.
Sonraí teagmhála
Grúpa LADT+ an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire