Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taighdeoir cónaithe, an Dr Rónán Kennedy

Chaith an Dr Rónán Kennedy trí mhí mar thaighdeoir cónaitheach linne faoi Chlár Comhaltachta SFI na Seirbhíse Poiblí. I rith a chuid ama linn, rinne an Dr Kennedy staidéar ar impleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus eiticiúla na teicneolaíochta dlí do mhargadh seirbhísí dlí na hÉireann.

An Dr Rónán Kennedy i dteannta le híomhá de mheá agus casúr

Spotlight

Léigh páipéar taighde an Dr Kennedy a foilsíodh nuair a chuir sé deireadh lena thréimhse cónaitheachta le SL&T an Oireachtais. Déantar scrúdú ann ar na saincheisteanna a ardaíodh nuair a bhí an dlí-theic á fhorbairt – bogearraí i gcomhair seirbhísí dlí – a d’fhéadfadh costais dlí a laghdú agus an rochtain ar an gceartas a fheabhsú, ach a d’fhéadfadh an deighilt dhigiteach a dhéanamh níos measa agus claontaí reatha sa chóras dlíthiúil a dhaingniú tuilleadh. Tarraingítear aird sa pháipéar ar réimsí ina bhféadfaí idirghabháil reachtúil a dhéanamh láithreach, agus tá ceisteanna ann a fhéadfaidh Comhaltaí den Oireachtas a bhreithniú níos faide amach anseo.

Is léachtóir sa Scoil Dlí ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr Kennedy, ar speisialtóir é i ndlí comhshaoil, dlí na teicneolaíochta faisnéise, agus sna trasearnálacha idir eatarthu. Bhí sé ina oifigeach dlí feidhmiúcháin le Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, an tUas. Ronan Keane, idir na blianta 2000 agus 2004.

Tá an Dr Kennedy ar dhuine de sheisear taighdeoirí atá ar iasacht chuig Seirbhís Leabharlainne agus Taighde Thithe an Oireachtais mar chuid de chlár comhaltachta SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) na seirbhíse poiblí.

Barr
Roinn