Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cainteoirí comhdhála

Madelaine Dennison

Ábhar Comhdhála: Aitheasc fáiltithe

Tháinig Madelaine isteach i dTithe an Oireachtais in 2005 chun glacadh le post Cheannasaí na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde Bhí Madelaine freagrach as an tseirbhís taighde pharlaiminteach a bhunú agus as leabharlann an Oireachtais a nuachóiriú. Níos déanaí bhunaigh Madelaine aonad bainistíochta taifead san Oireachtas agus tá sí ag forbairt chartlanna an Oireachtais.

Sula raibh sí ag obair i dTithe an Oireachtais, d’fhorbair Madelaine seirbhísí leabharlainne dlí agus bainistíochta faisnéise in Oifig an Ard-Aighne, Baile Átha Cliath. Tá MBS ag Madelaine sa Chleachtas Gnó agus is Comhalta í de Chumann Leabharlann na hÉireann. Is iad a spéiseanna gairmiúla cóitseáil feidhmiúcháin agus bainistiú athruithe.


Josefa Fuentes

Ábhar Comhdhála: Ráitis tosaigh

Féach ar an gcur i láthair

Tá breis is tríocha bliain caite ag Josefa Fuentes ag obair le Parlaimint na Spáinne, ar dtús i seilbh phost Bhainisteoir Réimse Cáipéisíochta Eorpach an tSeanaid.

Tá sí faoi láthair, agus ó 2007 i leith, ina Stiúrthóir Cáipéisíochta i Seanad na Spáinne, Stiúrthóireacht ina bhfuil na Seirbhísí Faisnéise, an Leabharlann, agus Cartlanna an tSeomra. Díríonn a tionscadail leanúnacha ar Bheartas an tSeanaid um Bainistíocht Doiciméad Leictreonach agus ar bhainistíocht faisnéise a fheabhsú trí athnuachan an innill cuardaigh ar shuíomh gréasáin institiúideach an tSeanaid (i bhfeidhm ón 21 Bealtaine 2019 i leith).

Tá post Chathaoirleach 2021-2023 Rannóg IFLAPARL aici i gCónaidhm Idirnáisiúnta Cumann agus Institiúidí Leabharlainne.


Anne-Lise Harding

Ábhar Comhdhála: Litearthacht faisnéise do ghrinnscrúdú: Comhionannas agus éagsúlacht sa taighde

Féach ar an gcur i láthair

Is í Anne-Lise Harding (sí/elle) Leabharlannaí Sinsearach Idirchaidrimh ag Teach na dTeachtaí agus Leas-Chathaoirleach Grúpa Litearthacht Faisnéise (ILG) CILIP. Tá spéiseanna Anne-Lise sa Litearthacht Faisnéise, oideachas úsáideora agus Comhionannas agus Éagsúlacht. Tar éis céim MA a bhaint amach sa Leabharlannaíocht in 2011, bhí roinnt ról ag Anne-Lise san earnáil oideachais, agus d’aistrigh sí go dtí an earnáil rialtais in 2020.

Ina ról, tacaíonn Anne-Lise le Leabharlann Theach na dTeachtaí agus Foirne Roghchoiste, ag díriú go príomha ar oiliúint sa Litearthacht Faisnéise, idirchaidreamh agus for-rochtain. Tá sí i gceannas ar obair Litearthachta Faisnéise chun taighde ar son grinnscrúdaithe a dhéanamh níos éagsúla, ionchuimsithí agus ionadaíche. Tá Anne-Lise ag obair faoi láthair ar chreatlach na Comhghuaillíochta Litearthachta Meán agus Faisnéise (MILA) le tacaíocht ILG agus an mhórphobail gairmithe faisnéise.


Patricia Dowling

Ábhar Comhdhála: Leabharlann an Oireachtais: Turas digiteach

Féach ar an gcur i láthair

Is Leabharlannaí Sinsearach í Patricia Dowling i Leabharlann an Oireachtais, leabharlann Pharlaimint na hÉireann. Sa ról seo, déanann sí foireann na Seirbhísí Córais agus Inneachair a bhainistiú, atá freagrach as bainistiú na mbailiúchán cló agus digiteach, lena n-áirítear bainistiú meiteashonraí, bainistiú na gcóras leabharlainne d’acmhainní cló agus digiteacha araon, agus sainfháil agus soláthar rochtana ar fhaisnéis agus acmhainní taighde. Tá breis is 30 bliain de thaithí ag Patricia mar Leabharlannaí i réimse d’earnálacha leabharlainne (poiblí, speisialta agus acadúil).


Paola Mandillo

Ábhar Comhdhála: An méid a chuir Leabharlann Theach Teachtaí na hIodáile le forfheidhmiú “Thairseach Stairiúil Theach na dTeachtaí”

Féach ar an gcur i láthair

Is Oifigeach Parlaiminteach agus Leabharlannaí í Paola Mandillo i dTeach Teachtaí Pharlaimint na hIodáile, inar thosaigh sí in 2003. Ó Aibreán 2022 i leith, tá sí ag fónamh mar Oifigeach ag an Roinn um Thuarascálacha Parlaiminteacha, agus í i mbun Tuarascálacha Focal ar Fhocal agus Achoimre shuíonna iomlánacha Theach na dTeachtaí a fhoilsiú. I mblianta roimhe seo d’oibrigh sí ag Roinn an Tí, ag an Leabharlann agus ag Rúnaíocht Uachtarán Theach na dTeachtaí.

Le linn a poist sa Leabharlann d’oibrigh sí in Oifig Fhaireachlann Reachtaíochta Eachtraí agus bhí sí páirteach freisin in dhá ghníomhaíocht: foilsiú Bhailiúchán Óráidí Parlaiminteacha na Leabharlainne ó Theachtaí Parlaiminte móra le rá; eagrú taispeántas sealadach ar Bhailiúcháin Stairiúla na Leabharlainne. Ó 2015 i leith is Comhalta Buanchoiste de Rannóg IFLA “Seirbhísí Leabharlainne agus Taighde do Pharlaimintí” agus tá sí sa Dara Téarma di. Thug sí faoina staidéar Ollscoile sna daonnachtaí in Ollscoil na Róimhe “La Sapienza” agus fuair sí a Céim Mháistreachta sa Stair agus i bPrionsabail Bunreachtanna Nua-Aimseartha agus Comhaimseartha ag Ollscoil Macerata (an Iodáil).


Ellie Valentine

Ábhar Comhdhála: Faisnéis Pharlaiminteach in Aimsir Ghéarchéime: Labhraíonn Verkhovna Rada na hÚcráine lena Saoránaigh

Féach ar an gcur i láthair

Tá breis is 30 bliain taithí ag Ellie Valentine ag stiúradh cláir idirnáisiúnta sna réimsí seo a leanas — forbairt reachtúil, rialachas, neartú sochaí sibhialta, agus cearta daonna. D’fhóin sí mar Cheannasaí Páirtí/Stiúrthóir do thionscadail forbartha pharlaiminteacha USAID san Úcráin, san Airméin, sa Phacastáin, agus sa Bhanglaidéis ag stiúradh foirne tionscadail áitiúla chun córais choiste Pharlaiminteacha, rialacha agus rialacháin pharlaiminte, seirbhísí leabharlainne agus taighde, cláir for-rochtana saoránach, agus caidrimh reachtúla-feidhmiúcháin a chruthú agus a fheabhsú. Neartaigh sí freisin comhaontais idir eagraíochtaí sochaí sibhialta agus struchtúir pharlaiminte agus rialtais san Úcráin, sa Bhanglaidéis, in Éimin, sa Nígir, i Maracó, i nGuatamala, agus san Áise Láir. Fuair Ellie Máistreacht san Eolaíocht Leabharlainne ó Ollscoil Indiana i Stáit Aontaithe Mheiriceá.


Sonia Bebbington

Ábhar Comhdhála: Bailiúcháin stairiúla a chur i gcomhthéacs in amanna comhaimseartha

Féach ar an gcur i láthair

Is leabharlannaí ó thaobh gairme í Sonia Bebbington (BA, MA, MLIS) agus d’oibrigh sí i ngach réimse den leabharlannaíocht i rith 20+ bliain a gairmré.Ag Leabharlann Pharlaimint Cheanada, mar ar oibrigh Sonia ar feadh breis is 10 mbliana, is í Ardstiúrthóir, Seirbhísí Faisnéise agus Doiciméad (IDRS) í.Déanann IDRS rochtain ar acmhainní agus bailiúcháin na Leabharlainne a thógáil, a bhainistiú, a chaomhnú agus a optamú, agus tiomsaíonn agus scaipeann sé faisnéis stairiúil faoin bParlaimint agus faoi Pharlaiminteoirí.Is Rúnaí-Cisteoir Chumann Leabharlann Pharlaiminteach i gCeanada (APLIC) í. Bhí sí mar Rúnaí ar IFLAPARL, áit a bhfuil sí ina comhalta reatha gníomhach Buanchoiste fós.


Joonhwa Jung

Ábhar Comhdhála: Forbairt Seirbhísí Taighde trí Shonraí, Comhoibriú, Comhroinnt agus Oscailteacht: Eispéiris ar NARS, Poblacht na Cóiré

Féach ar an gcur i láthair

Fuair Joonhwa Jung Ph.D sa Bheartas Poiblí ó Ollscoil Náisiúnta Seoul agus oibríonn sí mar Thaighdeoir Reachtúil ag Seirbhís Náisiúnta Taighde (NARS) Phoblacht na Cóiré. Is iad na réimsí taighde dlíthe agus beartais um theicneolaíocht faisnéise (TF) amhail olltiomsú sonraí, intleacht shaorga, geilleagar sonraí, claochlú digiteach, néalríomhaireacht agus Meiteachruinne. Is staidéir le déanaí iad ‘Policy Issues on AI based Government (2021)’ [Saincheisteanna Beartais ar Rialtas bunaithe ar Intleacht Shaorga], ‘Issues and Tasks on Metaverse (2021)’ [Saincheisteanna agus Tascanna ar Mheiteachruinne] agus ‘Policy Study on Data, Network, and Artificial Intelligence for the Digital Era (2021)’ [Staidéar Beartais ar Shonraí, Líonra, agus Intleacht Shaorga don Ré Dhigiteach].


An Dr Heather Lank

Ábhar Comhdhála: Seirbhísí taighde a fhorbairt agus a fheabhsú i gcomhthéacs parlaiminteach atá ag athrú

Féach ar an gcur i láthair

Ceapadh an Dr Heather Lank ina Leabharlannaí Parlaiminteach ar an 21 Meitheamh, 2018. Mar Leabharlannaí Parlaiminteach, déanann an Dr Lank maoirseacht ar bhainistiú na leabharlainne, agus tuairiscíonn sí do Chinn Chomhairle an tSeanaid agus Theach na dTeachtaí, atá freagrach as stiúradh agus rialú Leabharlann na Parlaiminte.

Rugadh an Dr Lank in Arvida, Quebec, agus fuair sí oideachas san Eilvéis, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.Fuair sí a dochtúireacht sa tSocheolaíocht ó Ollscoil Toronto.Chuaigh an Dr Lank isteach i seirbhís phoiblí fheidearálach Cheanada in 1990, ansin d’aistrigh sí go dtí Seanad Cheanada in 1991 mar ar thóg sí uirthi féin de réir a chéile róil cheannasaíochta níos sinsearaí ar feadh 27 bliain.D’fhóin sí mar Phríomh-Chléireach na gCoistí ó 1999 go dtí 2015 agus mar Phríomh-Chléireach Oibríochtaí agus Nós Imeachta an Tí ó 2015 go 2018.


Bonnie Mathhooko

Ábhar Comhdhála: Comhpháirtíochtaí a chruthú le haghaidh obair bheartais ar bhonn fianaise agus Grinnscrúdú Parlaiminteach: Cur Chuige Praiticiúil

Féach ar an gcur i láthair

Is Eacnamaí é Bonnie, a bhfuil spéis shuntasach aige in eacnamaíocht, trádáil, beartas poiblí agus rialachas na hearnála poiblí. D’fhóin sé i bParlaimint na Céinia mar anailísí taighde le hocht mbliana déag anuas ó bunaíodh na Seirbhísí Taighde Parlaiminteacha (PRS).

Tá Bonnie ag fónamh faoi láthair mar Phríomh-Oifigeach Taighde na Céinia i gceannas ar PRS. Is é atá i gceist leis an bpost taighde comhordúcháin agus anailís bheartais ag foireann ildisciplíneach anailísithe taighde neamh-chlaonpháirteacha ag fónadh don Pharlaimint dhá sheomra. Tacaíonn an ról seo le Comhaltaí le rochtain thráthúil ar fhaisnéis taighde agus anailís bheartais achomair, chomhtháite agus oibiachtúil chun cinnteoireacht a bhonn fianaise a éascú. Is iad príomhúsáideoirí an réimse seirbhísí, anailís agus táirgí taighde Ceannasaithe Parlaiminteacha, Comhaltaí, Coistí an Tí, Cácais, agus foireann na Parlaiminte.


Niall Watters

Ábhar Comhdhála: Fianaise a chur ar fáil do pharlaiminteoirí chun cabhrú maidir lena ról grinnscrúdaithe reachtaigh: Eiseamláirí do Pharlaimint na hÉireann

Féach ar an gcur i láthair

Tá Niall le Seirbhís Leabharlainne agus Taighde Thithe an Oireachtais le hocht mbliana anuas agus stiúrann sé obair ghrinnscrúdaithe réamhreachtach (PLS) na Seirbhíse. Is taighdeoir ar bheartas sóisialta é Niall a bhfuil an-taithí aige, agus cuireann sé ar fáil taighde agus anailís ar fud raon de réimsí oibre na Seirbhíse, lena n-áirítear anailís reachtaíochta agus taighde tráthúil scoite do Chomhaltaí aonair.

D’oibrigh Niall mar thaighdeoir socheacnamaíoch agus comhairleoir tionscadail ar feadh 13 bliana sular thosaigh sé san Oireachtas. Roimh an ról comhairleoireachta seo, bhí Niall ina bhainisteoir ar feadh trí bliana ar chuideachta chomhpháirtíochta forbartha atá dírithe ar chuimsiú sóisialta.


Franklin De Vrieze

Ábhar Comhdhála: Maoirseacht pharlaiminteach a athspreagadh trí ghrinnscrúdú iar-reachtaíochta – forbhreathnú ar uirlisí nuálacha

Féach ar an gcur i láthair

Is é Franklin De Vrieze Ceannasaí Cuntasachta Cleachtais ag Fondúireacht Westminster don Daonlathas (WFD). Is saineolaí ar dhaonlathas agus rialachas é Franklin, a bhfuil an-taithí aige i dtíortha iar-choinbhleachta, tíortha leochaileacha agus tíortha atá i mbéal athraithe. Is é saineolaí inmheánach WFD é maidir le Grinnscrúdú Iar-reachtaíochta, institiúidí maoirseachta neamhspleácha, cuntasacht airgeadais, agus frith-éilliú. Forbraíonn sé uirlisí, acmhainní agus taighde chun tacú le dearadh agus cur i bhfeidhm chláir WFD.

Tá breis is 30 bliain taithí aige i réimse an dea-chleachtais, le fócas sonrach 20 bliain ar neartú parlaiminteach. Stiúir sé mórán misean a bhain le sainaithint, ceapadh agus measúnú parlaiminteach. Is taighdeoir foilsithe é, le roinnt foilseachán (idir acadúil agus bheartas-bhunaithe) scríofa aige.


Étienne Bassot

Ábhar Comhdhála: An chaoi a múnlaíonn ionchais saoránach ár gclár oibre taighde agus an chaoi a ndéanaimid teagmháil le saoránaigh

Féach ar an gcur i láthair

Tá Étienne Bassot ina bhainisteoir i bParlaimint na hEorpa, i réimse an taighde, le trí bliana déag anuas. Ó mhí Iúil 2022 i leith tá sé i gceannas ar an tSeirbhís Taighde Pharlaiminteach Eorpach (EPRS) mar Ard-Stiúrthóir gníomhach.

Ó 2014 i leith is é Stiúrthóir Sheirbhís Taighde na gComhaltaí laistigh de EPRS é. Sular ghlac sé leis an bpost seo, bhí an tUasal Bassot i gceannas ar Roinn Beartais Ard-Stiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa do Bheartais Sheachtracha (2007-2014). Laistigh den Pharlaimint, bhí poist aige roimhe seo i rúnaíochtaí na gCoistí ar an Margadh Inmheánach agus ar Fhorbairt. D’fhóin sé mar chomhairleoir do Nicole Fontaine ó 2000 go 2002, agus í ina post mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Is céimí í ó Ollscoil Nancy agus ó Ollscoil Saarbrucken, le céimeanna máistreachta sa dlí agus sa léann Eorpach.


An tOllamh Paul Walsh

Ábhar Comhdhála: Dúshlán an bheartais ar bhonn fianaise trí thaighde oscailte 

Féach ar an gcur i láthair

Tá Patrick Paul Walsh faoi láthair ar iasacht go UN SDSN mar Leas-Uachtarán Oideachais agus Stiúrthóir Acadamh SDG. Tá sé fós ina Ollamh Iomlán sa Léann Forbartha Idirnáisiúnta, Stiúrthóir in Ionad an Léinn Forbartha Inbhuanaithe i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Stiúrthóir an M.Sc. san Fhorbairt Inbhuanaithe i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le UN SDSN. Is é an pointe teagmhála do Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é maidir le stádas comhairleach Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialach na Náisiún Aontaithe agus is ball é de Mhórghrúpa na Náisiún Aontaithe don Eolaíocht agus don Teicneolaíocht. Is teagascóir é freisin do Harvard Extension School, ag teagasc Bhonn na Forbartha Inbhuanaithe (ar líne). Fuair sé Ph.D. san Eacnamaíocht ó London School of Economics in 1994. Is comhalta é de Rialtas na hÉireann, Marie Curie (an Bhruiséil), IZA (Bonn), RSA (Londain), EIIR (an Bhruiséil) agus REPOA (an Tansáin).


Niamh Brennan

Ábhar Comhdhála: Dúshlán an bheartais ar bhonn fianaise trí thaighde oscailte

Is Clárbhainisteoir í Niamh Brennan d’Fhaisnéisíocht Taighde i Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath mar a n-oibríonn sí ar thuairisciú, measúnú agus tionchar taighde. Tá sí freagrach as forbairt Chóras Tacaíochta Taighde Choláiste na Tríonóide agus a thaisclann institiúideach, TARA (Cartlann Rochtana ar Thaighde Choláiste na Tríonóide). Is ball í Niamh de roinnt grúpaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag obair ar rochtain oscailte ar aschuir thaighde agus a dtuairisciú, a n-aisghabháil agus a measúnú feabhsaithe a chumasú. Áirítear orthu seo Fóram Eolaíochta Oscailte Náisiúnta na hÉireann, DART-Europe, OpenAIRE2020 (Horizon2020) agus OpenAIRE Advance (Horizon2020). Is ball í de chomhairlí bainistíochta dhá phríomhiris Éireannacha san eacnamaíocht agus eolaíochtaí sóisialta, agus bhí sí ina comhpháirtí i roinnt tionscadail taighde sna daonnachtaí digiteacha, forbairt idirnáisiúnta agus eolaíochtaí sóisialta. Is ball í freisin de Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin Eorpaigh ar Scileanna le haghaidh Eolaíocht Oscailte, ag tuairisciú don Ardán Eorpach um Beartas Eolaíochta Oscailte (foilsíodh tuarascáil an ghrúpa saineolaithe: Meán Fómhair 2017).


An Dr Charles Larkin

Ábhar Comhdhála: Dúshlán an bheartais ar bhonn fianaise trí thaighde oscailte 

Is Stiúrthóir Taighde é Charles Larkin, (Discip. Schol.) B.A., Ph.D. [Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath] ag an Institiúid do Thaighde Beartais ag Ollscoil Bath. Bhí sé roimhe sin ina chomhairleoir speisialta do Chathaoirleach Choiste an Oireachtas um Shláinte, an Dr Michael Harty, TD (Neamhspleách) agus don Seanadóir Sean Barrett (Neamhspleách) ó Sheanad Éireann. Is ollamh taca cúnta é an Dr Larkin freisin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Johns Hopkins University agus an Foras Riaracháin (Baile Átha Cliath). Tá poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ag an Dr Larkin freisin mar chomhalta d’údarás rialaithe Ollscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus bord Theicneoirí Cuntasaíochta Éireann. Scríobh an Dr Larkin roinnt píosaí de reachtaíocht Éireannach agus breis is 60 alt léannta, go háirithe sna réimse seo a leanas — airgeadas, criptea-airgeadraí, agus eacnamaíocht an bheartais phoiblí.

Barr
Roinn