Cuireann oifigí agus rannáin éagsúla na seirbhísí corparáideacha parlaiminte ar fáil a choinníonn Tithe an Oireachtais ag obair i gceart.
Seirbhísí Parlaiminte
- Oifig na mBillí
-
Tá an reachtaíocht ar cheann de phríomhchúraimí an Oireachtais, agus tacaíonn Oifig na mBillí le gach gné den obair sin. Nuair a thugann Comhalta Bille nua chun tosaigh, déanann Oifig na mBillí scrúdú ar an téacs lena chinntiú go gcloíonn sé le Buan-Orduithe, Rialacha an Chathaoirligh agus le nithe eile a bhaineann le hord. Tá sé mar chúram ar Oifig na mBillí Billí a phriontáil agus a scaipeadh chomh maith lena bhfoilsiú ar líne.
Nuair a théann Bille trí Chéim an Choiste agus trí Chéim na Tuarascála sna Tithe, féadfaidh Comhaltaí leasuithe a chur síos maidir leis, agus cuireann siad na leasuithe sin faoi bhráid Oifig na mBillí. Arís, déanann Oifig na mBillí dianscrúdú ar théacs na leasuithe agus scaipeann sí iad i bhfoirm chlóite agus ar líne.
Sula dtéann Bille trí Chéim an Choiste nó trí Chéim na Tuarascála sa Dáil nó sa Seanad, ullmhaíonn Oifig na mBillí coimre nós imeachta don Chathaoirleach agus don Chléireach ábhartha. Tugann Oifig na mBillí faisnéis freisin do Chomhaltaí, dá bhfoireann agus d’oifigigh Roinne maidir leis an bpróiseas agus leis an nós imeachta reachtúil.
Nuair a ghlaoitear olltoghchán nó fothoghchán, ullmhaíonn Oifig na mBillí eascairí toghcháin a eisítear do chinn comhairimh i ngach toghcheantar. Glacann sí le cóipeanna de na heascairí comhlánaithe ar ais uathu mar aon le tuarascáil den toghchán agus de na páipéir bhallóide go léir a caitheadh.
- Oifig na nDíospóireachtaí
-
Cuireann Oifig na nDíospóireachtaí an Tuarascáil Oifigiúil le chéile agus foilsíonn sí í. Is taifead scríofa iomlán, údarásach agus neamhchlaonta í an Tuarascáil Oifigiúil d’imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus choistí an Oireachtais.
Is tuarascáil focal ar fhocal a bheag nó a mhór ach ní amach is amach í an Tuarascáil Oifigiúil toisc go nglactar leis go gcaitear beagán eagarthóireachta a dhéanamh ar an méid a bhíonn le rá ag Comhaltaí agus ag finnéithe ar mhaithe leis an té a bheadh á léamh seachas an té a bheadh ag éisteacht. Tá Eagarthóir na nDíospóireachtaí i gceannas ar Oifig na nDíospóireachtaí, agus tá an tEagarthóir sin i gceannas ar fhoireann eagarthóirí agus tuairisceoirí parlaiminte.
- Oifig na nImeachtaí
-
Soláthraíonn Oifig na nImeachtaí raon seirbhísí tacaíochta riaracháin don Dáil. Ar gach lá a suíonn an Dáil, foilsíonn Oifig na nImeachta gach mír ghnó a chuirfear faoi bhráid na Dála ar shuíomh gréasáin Ghnó na Dála. Comhalta ar mian leis rún a chur os comhair an Tí, nó leasú a mholadh ar rún Comhalta eile, cuirfidh sé an rún sin faoi bhráid Oifig na nImeachtaí.
Taifeadann Oifig na nImeachtaí vótáil na Dála agus cuireann sí Cín Lae Imeachtaí na Dála i dtoll a chéile. Is taifead atá sa Chín Lae Imeachtaí den ghnó a tógadh, de na cinntí, na rúin agus na leasuithe a rinneadh, agus de na tairiscintí nó Billí a rith an Teach.
Tiomsaíonn Oifig na nImeachtaí Buan-Orduithe agus tugann sí comhairle nós imeachta don Cheann Comhairle, do Chléirigh agus do Chomhaltaí na Dála. Oibríonn sí freisin le Coiste na Dála um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú chun athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis parlaiminte agus coinníonn sí cartlann de thaifid agus de dhoiciméid nós imeachta.
- Coistí Oireachtais
-
Tá roinnt coistí ag an Oireachtas agus tógtar comhaltaí na gcoistí sin ón Dáil agus ón Seanad araon. Déanann gach coiste Oireachtais scrúdú ar réimse sonrach de ghnó Rialtais, amhail iompar nó gnóthaí eachtracha. Tá cosúlacht mhór, tríd is tríd, idir na coistí agus na Ranna Rialtais.
Déanann na coistí scrúdú ar reachtaíocht bheartaithe agus déanann siad monatóireacht ar chaiteachas an Rialtais. Déanann siad imscrúdú freisin ar ábhar is spéis leis an Rialtas agus foilsíonn siad a gcuid torthaí. Féadfaidh coistí cuireadh a thabhairt don phobal aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh nó teacht chun cainte ag cruinniú coiste. Is iad na coistí an t-aon fhóram amháin atá ag an Oireachtas inar féidir le baill den phobal a bheith rannpháirteach go díreach. Déantar taifeadadh ar chruinnithe na gcoistí agus craoltar ar líne iad.
- Oifig na gCeisteanna Parlaiminte
-
Is féidir le Comhaltaí na Dála Ceisteanna Parlaiminte a chur faoi bhráid an Taoisigh agus Airí Rialtais. Tacaíonn an Oifig na gCeisteanna Parlaiminte leis an bhfeidhm thábhachtach sin.
Déanann an Oifig na gCeisteanna Parlaiminte scrúdú ar gach ceist lena chinntiú go gcloíonn siad le Buan-Orduithe. Mura gcloíonn ceist, féadfaidh an Ceann Comhairle í a dhícheadú go hiomlán nó i bpáirt. Nó ina ionad sin, féadfaidh an Oifig na gCeisteanna Parlaiminte moladh a dhéanamh go dtabharfadh an Comhalta leagan eile den cheist.
Foilsíonn an Oifig na gCeisteanna Parlaiminte Páipéar Ceisteanna gach lá a ghlacann an Dáil le Ceisteanna Parlaiminte agus scaipeann sí é. Tugann sí fógra do gach Roinn Rialtais faoi na ceisteanna atá ábhartha dóibh, seiceálann sí gach freagra chun críocha saincheisteanna cosanta sonraí, scaipeann sí na freagraí ar na Comhaltaí a chuir gach ceist agus tugann sí na freagraí d’Oifig na nDíospóireachtaí lena gcur sa Tuarascáil Oifigiúil.
- An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (SL&T)
-
Tugann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (SL&T) seirbhísí taighde agus leabharlainne neamhchlaonta do Chomhaltaí agus do choistí an Oireachtais.
Tugann an tseirbhís leabharlainne agus taighde anailís, fíorais, staitisticí agus ailt ábhartha sna meáin maidir leis na saincheisteanna agus an reachtaíocht atá sceidealaithe le cur faoi bhráid na dTithe. Déanann sí taighde saincheaptha freisin chun freastal ar riachtanais atá ag Comhaltaí aonair.
Foilsíonn SL&T acmhainní ar líne maidir le Billí Rialtais agus faisnéis ábhartha maidir le sceidil sheachtainiúla na dTithe. Tugtar fógra trí ríomhphost do Chomhaltaí maidir le foilseacháin nua agus tá rogha den ábhar sin ar fáil ar Oireachtas.ie.
Déanann SL&T bainistiú agus cothabháil ar chatalóg ar líne don phobal ina bhfuil leabhair, iriseáin agus bailiúcháin dhigiteacha téacs-iomlán. Is féidir é a rochtain ag opac.oireachtas.ie. - Cumarsáid, Craolachán agus an Gréasán
-
Osclaíonn an tAonad Cumarsáide an tOireachtas don phobal, ag déanamh poiblíochta ar obair Thithe an Oireachtais agus á míniú. Breathnaíonn sé i ndiaidh na gcaidreamh meán agus poiblí go léir do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus bainistíonn sé na meáin shóisialta, cláir oideachais agus imeachtaí.
Tá seirbhís thiomnaithe idirchaidrimh nuachta Coiste ann agus clár seachtainiúil do na meáin áitiúla chun cuidiú leis an bpreas agus iad ag tuairisciú ar na himeachtaí go léir. Táirgeann an tAonad Cumarsáide foilseacháin freisin cosúil le bróisiúir do chuairteoirí.
Is é Teilifís an Oireachtais ár seirbhís beoshruthaithe agus ár gcainéal teilifíse 24/7. Tugann sí léargas don lucht féachana ar obair laethúil Thithe an Oireachtais, rud a thugann deis dóibh féachaint ar fhothaí beo de dhíospóireachtaí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí agus bíonn deis acu cartlann de thaifeadtaí roimhe seo a fheiceáil. Craolann cainéal Theilifís an Oireachtais meascán de fhíseáin bheo, gnéchláir speisialta agus cláir faisnéise do bhreis is 1.1 milliún teaghlach in Éirinn trí Saorview, Sky, eir Vision, Virgin Media agus Vodafone.
Dearadh suíomh gréasáin an Oireachtais as an nua agus cuirtear béim láidir ar thaithí an úsáideora anois. Tá níos mó fáil ag an bpobal anois ná riamh ar na Tithe a bhuíochas don fhoireann gréasáin. Is féidir leis an bpobal faisnéis a fháil tríd an suíomh gréasáin nó trí na meáin shóisialta.
Tugann clár oideachais ar líne tús eolais do scoláirí agus do mhúinteoirí maidir le daonlathas parlaiminte na hÉireann. Tá an tsraith físeáin faisnéise agus gníomhaíochtaí ranga seo dírithe ar scoláirí OSSP na sraithe sóisearaí.
- Rannóg an Aistriúcháin
-
Soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin do Thithe an Oireachtais. Déanann sí aistriúcháin oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais agus ábhar aistriúcháin le haghaidh Riar na hOibre an dá Theach. Cuireann sí seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil freisin don Dáil, don Seanad agus do choistí chomh maith le seirbhís aistriúcháin chomhfhreagraigh do Chomhaltaí. Aistríonn an Rannóg ionstraimí reachtúla freisin, Buan-Orduithe na dTithe, pleananna straitéiseacha agus tuarascálacha bliantúla Choimisiún Thithe an Oireachtais agus doiciméid eile le haghaidh Thithe an Oireachtais.
Tá an Rannóg freagrach as graiméar oifigiúil caighdeánach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil – agus coinníonn sí gluaiseanna de théarmaíocht oifigiúil a bhíonn in úsáid sna hAchtanna. Faoi threoir an Phríomh-Aistritheora, tugann sí leaganacha oifigiúla ainmneacha Gaeilge na gcomhlachtaí agus scéimeanna Stáit sa reachtaíocht agus is í an Rannóg údarás náisiúnta an Stáit maidir le leagan Gaeilge de chonarthaí an Aontais Eorpaigh.
Seirbhísí Corparáideacha agus Seirbhísí do Chomhaltaí
- Maoirseoir na dTithe
-
Tugann Rannóg an Mhaoirseora tacaíocht oibriúcháin agus slándáil le haghaidh shuíonna na dTithe agus na gcoistí Oireachtais, cruinnithe parlaiminte ardleibhéil agus le haghaidh imeachtaí oifigiúla arna n-óstáil ag na Tithe. Tá sí freagrach freisin as slándáil agus as rochtain cuairteoirí ar na Tithe a bhainistiú agus as sábháilteacht agus sláinte na ndaoine go léir a oibríonn i dTeach Laighean agus a thugann cuairt air a chosaint.
I gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí, oibríonn Rannóg an Mhaoirseora chun seirbhísí do Chomhaltaí agus don phobal a fheabhsú trí chothabháil, caomhnú agus uasghrádú leanúnach ar Theach Laighean agus ar na tailte mórthimpeall air. Déanann sí bainistiú freisin ar naíolann agus ar sheomra aclaíochta an Oireachtais.
- Seirbhísí do Chomhaltaí
-
Tugtar ‘an tIonad Ilfhreastail’ ar oifig Sheirbhísí na gComhaltaí go minic, a thairgeann pointe rochtana aonair i gcomhair faisnéise agus seirbhísí ina gcuirtear comhairle ar Chomhaltaí maidir le tuarastail, cúrsaí foirne agus lamháltais. Tugann sí treoirlínte ar an úsáid a bhaintear as caiteachas den sórt sin agus maidir le tuairisceáin a dhéanamh bunaithe air. Tugann sí comhairle freisin ar thaifeadadh tinrimh agus ar nósanna imeachta iniúchta. Foilsíonn an oifig faisnéis rialta maidir le caiteachas agus lamháltais Comhaltaí agus iniúchtaí bliantúla neamhspleácha a ghabhann leis.
- Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte
- An tAonad Airgeadais
-
Bainistíonn an tAonad Airgeadais raon leathan seirbhísí ó thuairisc a thabhairt ar chaiteachas go dtí ullmhú ráiteas agus iniúchóireachta. Déanann sé bainistiú, monatóireacht agus tuairisciú ar chaiteachas Thithe an Oireachtais. Ullmhaíonn an tAonad Airgeadais cuntais airgeadais na bainistíochta lena scrúdú ag an gCoiste Bainistíochta, ag an gCoiste Airgeadais agus ag an gCoimisiún. Ullmhaíonn sé an Ráiteas bliantúil Meastachán lena fhaomhadh ag Coimisiún Thithe an Oireachtais agus lena fhógairt ag an Dáil.
Ullmhaíonn an tAonad Airgeadais buiséad trí bliana do Choimisiún Thithe an Oireachtais, agus déantar idirbheartaíocht maidir leis an mbuiséad sin leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ullmhaíonn sé an Cuntas Bliantúil a chuireann an tArd-Rúnaí faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cabhraíonn sé leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis an iniúchadh bliantúil ar chuntas bliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais.
- An tAonad Acmhainní Daonna
-
TBD
- An tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
-
Tá an tAonad Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) freagrach as córais, trealamh agus seirbhísí TFC a sholáthar chun tacú le hAirí, lena bhfoireann agus le foireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais chun gnó parlaiminteach a sheoladh.
Feidhmíonn an tAonad TFC deasc chabhrach a thugann tacaíocht ar an teileafón agus ar ríomhphost. Tá aird ag an Aonad TFC ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn de réir mar a athraíonn riachtanais ghnó an Oireachtais agus sainíonn sé an straitéis TFC don Oireachtas. Seachadann an fhoireann TFC mórthionscadail TF mar chuid den straitéis TFC, mar shampla, bonneagar deisce fíorúil a chur i bhfeidhm.
- Caidreamh Idirpharlaiminteach agus Taisteal
-
Déanann an tAonad um Chaidreamh Idirpharlaiminteach agus Taistil bainistiú ar shocruithe taistil agus prótacail le haghaidh toscaireachtaí parlaiminte a thagann chun na tíre ó thar lear agus maidir le cuairteanna parlaiminte a thugann an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach thar lear agus na toscaireachtaí a bheidh á dtionlacan. Riarann sé Cumann Parlaiminteach na hÉireann, a chuireann tuiscint agus teagmhálacha chun cinn idir parlaiminteoirí na hÉireann agus parlaiminteoirí i dtíortha eile, agus gach grúpa cairdis pharlaimintigh.