Chaith an tOllamh Dave Lewis trí mhí mar thaighdeoir cónaitheach linne faoi Chlár Comhaltachta SFI na Seirbhíse Poiblí. Le linn na tréimhse a chaith sé linn, rinne an tOllamh Lewis iniúchadh ar chuir chuige dhifriúla le haghaidh rannpháirtíocht pobail i rialáil agus rialachas na teicneolaíochta AI (intleacht shaorga).
Spotlight
Mhair cónaitheacht an Oll. Lewis ón 15 Eanáir go dtí an 15 Aibreán. Beidh a pháipéar taighde ar fáil anseo nuair a fhoilseofar é.
Is comhollamh é an tOllamh Dave Lewis i Scoil na Ríomheolaíochta agus Staitisticí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath áit a stiúrann sé disciplín na hintleachta saorga agus ina bhfuil sé ina leas-stiúrthóir ar Ionad Taighde ADAPT SFI le haghaidh Teicneolaíocht Inneachair Dhigitigh, áit a stiúrann sé taighde ar chaighdeáin sonraí oscailte le haghaidh rialachas intleachta saorga.
Oibríonn sé mar shaineolaí intleachta saorga leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta, áit a ndíríonn sé ar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara in intleacht shaorga iontaofa agus eiticiúil.