Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gluais TCÉ | Cúlra

Faigh tuilleadh eolais faoin obair ba bhunús le sainghluais úr TCÉ uainn ina bhfuil téarmaí parlaiminte.

Gluais Pharlaiminte

Tá 80 téarma inár ngluais, is téarmaí iad a bhaineann go sonrach le gníomhaíochtaí agus le himeachtaí parlaiminte. Is iondúil go n-úsáidtear na téarmaí sin i gcásanna ar leith agus d’fhéadfadh ciall eile a bheith leo i gcomhthéacsanna eile.

An fáth a ndearnadh an ghluais a fhorbairt

Déanann foireann TCÉ ateangaireacht bheo ar ócáidí, cláir agus imeachtaí polaitíochta. Thairis sin, téann foireann TCÉ i mbun an mhéid seo a leanas:

  • Cuireann siad aistriúcháin TCÉ ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais
  • Cuireann siad ateangaireacht TCÉ ar fáil do chuairteoirí Bodhra agus d’fhinnéithe Bodhra a bhíonn os comhair coistí Oireachtais
  • Comhoibríonn siad leis an oifigeach for-rochtana oideachais chun cláir do scoláirí a cheapadh
  • Cuireann siad socrúchán intéirneachta ar fáil do mhic léinn ateangaireachta TCÉ atá sa bhliain dheireanach
  • Téann siad i dteagmháil le pobal na mBodhar, go háirithe chun aiseolas a fháil faoi ábhar agus faoi chláir TCÉ, agus trí “caifé comhrá” TCÉ

Thiar in 2020, bhí foireann TCÉ ag gabháil d’ateangaireacht ar idirphlé polaitiúil an-ghasta lenar bhain béarlagair casta. Taibhsíodh dóibh go sciobtha go raibh straitéisí ag teastáil chun déileáil lena leithéid. Bhí an fhoireann ar an eolas faoi thionscadail ghluaise TCÉ a ndearnadh forbairt orthu i gcomhar le gairmithe múinteoireachta na mBodhar. Arbh fhéidir an rud céanna a dhéanamh i dtaca le téarmaíocht pholaitíochta? Bhí fonn ar an bhfoireann é sin a fháil amach.

Comhairliúchán agus comhoibriú

Cuireadh cúrsa ateangaireachta do na Bodhair ar bun i Lárionad Léann na mBodhar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 2020. Rinne foireann TCÉ teagmháil leis an Lárionad agus moladh comhoibríoch don tionscadal seo acu, ba é sin gluais nua TCÉ a chur le chéile ina mbeadh téarmaí a bhaineann go sonrach leis an ateangaireacht pharlaiminte.

Amharc ar an bhfíseán

Forbairt na gluaise

Forbairt na gcomharthaí | Mic léinn ateangaireachta Bhodhra

Bhí lámh an-mhór ag mic léinn ateangaireachta Bhodhra i bhforbairt tosaigh na gcomharthaí. Cuireadh na mic léinn ina ngrúpaí agus tugadh téarmaí dóibh. Ina dhiaidh sin, thosaigh siad ag cruthú dréachtchomharthaí do gach téarma.

Bhuail na grúpaí sin le foireann TCÉ chun plé a dhéanamh ar chiall na dtéarmaí agus ar an gcomhthéacs ina mbainfí úsáid astu. Cuireadh dréachtchomharthaí isteach mar chuid d’obair chúrsa na mac léinn.

Aiseolas | Suirbhé idirghníomhach
For-rochtain níos leithne | Próisis aiseolais
Cur i gcrích | Sainghrúpa TCÉ

Comhdháil WASLI, 2023

I mí Iúil 2023, rinne foireann TCÉ forbairt na gluaise de théarmaí parlaiminte faoi choinne Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur i láthair ag Comhdháil an Chumainn Dhomhanda um Ateangairí na Teanga Comharthaíochta, 2023 ar Oileán Jeju, an Chóiré Theas.

Amharc ar an bhfíseán

An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017 | Tús an phróisis

Nuair a rinneadh dlí den Bhille um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017, réitíodh an bealach faoi choinne féidearthachtaí iontacha, lena n-áirítear gluais úr TCÉ de théarmaí parlaiminte a fhorbairt.

De dheasca an fheachtais chun aitheantas a thabhairt do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a mhair 30 bliain, arb é an tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a thoradh, earcaíodh ateangairí TCÉ i dTithe an Oireachtais; is í Caroline O’Leary an t-ateangaire sinsearach um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus is í Ciara Grant an t-ateangaire sóisearach um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.

Amharc ar an bhfíseán

Buíochas

Ní bheifí ábalta an ghluais seo a chur le chéile gan an comhoibriú ó phobal na mBodhar trí chéile. Is mór ag foireann TCÉ an obair uile a rinne na daoine seo a leanas sa phróiseas:

  • An fhoireann teagaisc agus mic léinn ateangaireachta Bhodhra i Lárionad Léann na mBodhar, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Laistigh de Sheirbhís Thithe an Oireachtais – an lucht bainistíochta agus comhghleacaithe san Aonad Craolacháin, an fhoireann gréasáin, foireann na meán sóisialta, baill foirne ón gComhchoiste um na Nithe a Bhaineann le Míchumas agus Oifig an Chinn Comhairle.
  • Pi Communications
  • Iad siúd a d’fhreagair an suirbhé maidir leis an ngluais faoi choinne Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.
  • Ionad Cúraim Lae na Seanóirí Bodhra, Baile Bodhar Éireann.
  • Sainghrúpa TCÉ.

Téigh i dteagmháil linn

Más mian leat gluais TCÉ de na téarmaí parlaiminte a phlé linn, déan teagmháil le do thoil.

 

Foireann TCÉ   isl@oireachtas.ie

Barr
Roinn