Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taighde agus anailís

Cuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde réimse de threoracha eolais taighde neamhchlaonta ar fáil do Chomhaltaí den Oireachtas.

Cuireann ár bhfoirne taighde an méid seo a leanas i dtoll a chéile go rialta:

Ar an leathanach seo, is féidir leat na foilseacháin taighde is déanaí uainn a bhrabhsáil nó cuardach de réir téama a dhéanamh orthu.

Na foilseacháin taighde is úire againn

Déar, 24 Aib 2025

Déar, 24 Aib 2025

Bill Digest: Employment (Contractual Retirement Ages) Bill 2025
The main purpose of the Employment (Contractual Retirement Ages) Bill 2025 is to introduce a statutory provision which will allow, but not compel, an employee to stay in employment until the State pension age. [Keywords: Business and industry, People and communities, Social protection]

Déar, 10 Aib 2025

Déar, 10 Aib 2025

Should gender matter in migration policy?
Research Matters | Key Issues for the 34th Dáil and 27th Seanad

Céad, 9 Aib 2025

Céad, 9 Aib 2025

Sentencing guidelines
Research Matters | Key Issues for the 34th Dáil and 27th Seanad

Grafaicí faisnéise

Grafaicí faisnéise

Grafaicí faisnéise

Déanaimid grafaicí faisnéise ina dtaispeántar achoimrí fónta ar ár gcuid taighde, lena n-áirítear ár dTáscairí Eacnamaíocha, ar sraith grafaicí faisnéise iad a chuireann príomhtháscairí i láthair ar gheilleagar na hÉireann.

Cláir eolais dáilcheantair

Fiosraigh

Cláir eolais dáilcheantair

Agus leas á bhaint as na sonraí daonáirimh is déanaí agus as íomhánna nuálacha atá bunaithe ar shonraí, tugann na cláir eolais dáilcheantair idirghníomhacha seo againne léargas níos grinne dúinn ar Éirinn, síos go dtí na toghcheantair.

Foilseacháin taighde de réir téama

Seimineáir eolaíochta

Féach ar ár seimineáir arna n-óstáil ag SLaT faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI)

Sraith

Teicneolaíocht na ndrón | Rialacha mar chód

Féach ar an gcéad cheann de dhá sheimineár gréasáin — ina dtaispeántar an obair a dhéanann lucht an taighde — arna n-óstáil ag SLaT faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Ag an seimineár gréasáin seo, chuir an Dr. Boris Galkin agus an Dr. Rónán Kennedy a gcuid taighde faoi seach ar theicneolaíocht na ndrón agus rialacha mar chód i láthair.

Amharc ar an bhfíseán

Sraith

Ríomhshláinte | Nanaitheicneolaíocht | Fuinneamh geoiteirmeach

Ba ar an 30 Samhain 2022 a reáchtáladh an dara seimineár gréasáin — ina dtaispeántar an obair a dhéanann lucht an taighde — arna n-óstáil ag SLaT faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Thug an Dr. Tim Jacquemard, an Dr. Cormac Ó Coileáin agus an Dr. Nicholas Vafeas, faoi seach, a léargas ar ríomhsheirbhísí sláinte, nanaitheicneolaíocht agus fuinneamh geoiteirmeach.

Amharc ar an bhfíseán

Féach ar ár seimineáir arna n-óstáil ag SLaT chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta

Seimineár gréasáin

Intleacht shaorga agus tiomáint chuidithe

D’óstáil SLaT, i gcomhar le SFI, seimineár gréasáin chun Seachtain na hEolaíochta, 2023 a cheiliúradh. Rinneadh plé sa seimineár ar intleacht shaorga agus tiomáint chuidithe. Chualathas ón Ollamh Martin Mullins ó Ollscoil Luimnigh agus ón Ollamh Martin Glavin ó Ollscoil na Gaillimhe lena linn.

Amharc ar an bhfíseán

Seimineár gréasáin

Ag féachaint chuige go seasfaidh córais fuinnimh na hÉireann an aimsir

Féach ar an seimineár gréasáin leis an Ollamh Andrew Keane ó Institiúid Fuinnimh UCD maidir leis an obair atá ar bun sa chlár, Córais Fuinnimh na Chéad Ghlúine Eile (NexSys), chun féachaint chuige go seasfaidh córais fuinnimh na hÉireann an aimsir. Bhí sé á-óstáil ag SLaT, i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta, 2022.

Amharc ar an bhfíseán

Webinar

Making Ireland's first fully Green Batteries

Watch the webinar on bringing lithium cobalt batteries into the circular economy delivered by Dr Tony Keene, UCD on behalf of the LiCoRICE Project. The webinar was hosted by the L&RS with Science Foundation Ireland (SFI) to mark Science Week 2021.

Amharc ar an bhfíseán

Féach ar chartlann na seimineár eolaíochta dár gcuid

Féach ar na físeáin dár seimineáir eolaíochta atá sa chartlann, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ceiliúradh ar Sheachtain na hEolaíochta agus iad siúd a reáchtáladh i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

Barr
Roinn